FANDOM

1,928,062 Pages

StarIconGreen
LangIcon
​Bunán Buí

This song is by Clannad and appears on the album Crann Ull (1980).

A bhonnáin bhuí ’s é mo léan do luí
Is do chnámha sínte tar éis do ghrinn
’S ní easpa bidh, ach díobháil dí
A d’fhág ’do luidhe thú ar chúl do chinn
Is measa liom féin ná scrios na Traí
Tú a bheith ’do luidhe ar leaba lom
Is nach ndearn tú díth ná doiligh sa tír
Is nárbh fhearr leatsa fíon nó uisce poill

Ní hiad bhur n-éanlaith atá mé ag éagaoin
An lon, an smaolach nó ’n chorr ghlas
Ach mo bhonnán buí ’bhí lán den chroí
Is gurbh fhearr liom féin í i nós is i ndath
Bhíodh sé go síoraí ag ól na dí
Is deirtear go mbeinnse mar sin seal
Níl aon deoch dá bhfaighinnse nach ligfinn síos
Ar eagla go bhfaighinnse bás den tart

’Sé d’iarr mo stór orm ligint den ól
Nó nach mbeinnse beo ach seal beag gearr
Ach dúirt mé léithe go dtug sí an bhréag
Is gurbh fhaide mo shaolsa an deoch úd a fháil
Nach bhfeiceann sibh éan an phíobáin réidh
’Chuaigh in éag den tart ar ball?
Is a chomharsana cléibhe, fliuchaigí bhur mbéal
Óir chan fhaigheann sibh braon i ndiaidh bhur mbáis