FANDOM

1,928,419 Pages

StarIconGreen
LangIcon
​An tOileán Úr

This song is by Altan and appears on the album Horse With A Heart (1989).

Rinn mé smaoitiú i m’intinn
Is lean mé dó go cinnte
Go n-éalóchainn ó mo mhuintir
Anonn ’nan Oileáin Úir
’S tá mé ag iarraidh impí
Ar an Ardmhac os mo chionn
Mo shábháilte ar gach tubaiste
Go gcríochní mé mo shiúl

Shiúil mé fiche míle
’S níor casadh orm Críostaí
Capall, bó nó caora
’Chuirfeadh ingheilt ar fhéar
Ach coillte, muilte is gleanntáin
Agus búirtheach beithigh allta
Fir is mná ’s gan tinte orthu
A chasfainn fá mo mhéar

Tharlaigh isteach i dteach mé
Agus casadh orm daoiní
D’fhiafraigh siad-sean domhsa
Cén tír ar tógadh mé
Labhair mé leofa i nGaeilig
Agus dúirt mé gur as Éirinn
Thart siar fá bhruach Loch Eirne
I mbaile chois a’ chuain

Bhí seanbhean ins an chlúdaigh
Agus stocaí ar a glúine
D’éirigh sí go lúcháireach
Agus chraith sí liom lámh
“’Sé do bheatha, fear mo thíre
Nach n-aithneann tú do dhaoiní?
Nó gur tógadh mise in Éirinn
I mbaile le do thaobh”

Ó rinn mé smaoitiú i m’intinn
Ar aist arís go cinnte
Gur shroichfinn anois in Éirinn
Nó sínte faoi chlár
Áit a gheobhainn mná mo chaointe
’N t-aos óg a bheadh go caomhúil
A shuífeadh liomsa an oích’ úd
Agus páirt mhaith den lá